Áras Erasmus

Diagaire agus fealsamh ba ea Desiderius Erasmus Roterodamus (1466-1536) a áirítear ar dhuine de dhaonnachaithe móra na hAthbheochana. Chumhdaigh a chuid saothar, a bhí dlúth agus fairsing, iliomad ábhar, amhail an oideolaíocht, an fhealsúnacht mhorálta, reiligiúnach agus pholaitiúil, an reitric, ach anuas orthu sin, an t-aistriúchán chomh maith. Chaith Erasmus saol siúlach, ar taisteal ar fud na hEorpa chun a chuid eolais ar oidhreacht intleachtúil na Gréige agus na Róimhe a fhorlíonadh, ach chun múinteoireachta chomh maith. “Ní mar dhuine a bheirtear neach”, a dúirt sé, “déantar duine de leis an oideachas agus leis an gcultúr”. In 1508, d’fhoilsigh Erasmus “Moladh na Baoise” (Stultitiae Laus nó Moriae Encomium), saothar aorach a dhéanann fianaise le neamhspleáchas iontach a aigne. Bhí sé ina dhaonchara daingean, a chosain luachanna na caoinfhulaingthe agus na síochána go deireadh a shaoil.

De réir mar a thugann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh urraim d’ainm Erasmus, léiríonn sí ómós do chuimhne an fhir a mheastar uaireanta mar an chéad Eorpach, a chuir, lena iliomad iomraimh agus lena chuid aistriúchán, go mór leis na cultúir a aontú faoi idéil dhaonnachacha. 

Bá é áras Erasmus an chéad síniú a cuireadh le Palais na Cúirte. I dteannta le hárais Thomas More agus Thémis, ba iad na hailtirí Lucsamburgacha Paul Fritsch, Jean Herr agus Gilbert Huyberechts a dhear na foirgnimh in éineacht leis an ailtire Iodálach Bohdan Paczowski. Críochnaíodh obair thógála áras Erasmus in 1988, agus bunaíodh an Chúirt Ghinearálta in 1989.

Ar dtús, bhí an t‑áras scartha amach ón Palais, gan aon nasc eatarthu ach amháin tollán fada ar 50 méadar, greanta isteach sa chloch. I ndiaidh athchóiriú iomláin a rinneadh idir 2009 agus 2013, tá sé nasctha leis an Palais anois tríd an gailearaí agus leis an mórstaighre.

Tá áras Erasmus déanta as eibhear bándearg atá ag teacht go maith leis an dath cré‑ubha atá ar an Palais, agus tá an‑chuid clóis inmheánacha mar shaintréith de, atá nasctha lena chéile trí dhroichid agus dhorchlaí atá déanta as cruach agus gloine.

Sa lá atá inniu ann, is san fhoirgneamh seo a bhíonn Breithiúna na Cúirte Ginearálta, chomh maith lena gcuid oifigí agus trí sheomra éisteachta (seomra Dalsgaard agus seomra Pessoa, arna n‑ainmniú faoi seach in ómós don ealaíontóir Danmhairgeach agus don fhile Portaingéileach, agus an Seomra Dearg, a tógadh in 2022), a úsáidtear in éisteachtaí poiblí na Cúirte Ginearálta.