Túr Comenius

Bhí an fealsamh agus an t-oideolaí Jan Amos Komenský, “Comenius” mar is aithne air, ar an gcéad duine a bhí ar son an oideachais do chách. Mar go raibh sé daingean gur chóir go mbeadh an dul chun cinn sóisialta ina thoradh ar an oideachas seachas ar an mbreith, throideadh sé ar son comhdheiseanna agus oideachas do chách, beag beann ar chúrsaí rachmais, creidimh ná gnéis. Aithnítear Comenius mar bhunaitheoir an nua-oideachais, bhunathraigh sé modh múinteoireachta na dteangacha chun feabhais, agus múinteoireacht na Laidine go háirithe, mar gurbh í teanga na foghlama í, chun a foghlaim a spreagadh leis an oiread daoine ab fhéidir. Bhí a chuid téacsleabhar, arna n-aistriú go 15 theanga, ar na téacsleabhair ba mhó úsáide san Eoraip, rud a chuir go mór le leathadh an ilteangachais mar eochair chun na foghlama.

De réir mar a thugann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh urraim d’ainm Comenius, a bhíodh ar taisteal ar fud na hEorpa chun múinteoireacht teanga ní b’oscailte agus ní ba chothromaí a chur chun cinn, leagann an Chúirt béim ar luachanna an ilteangachais agus tugann aitheantas dóibh siúd a chuireann le saibhreas teanga na hEorpa a chosaint gach lá. 

Tá Túr Comenius mar chuid den cheathrú síneadh a cuireadh leis an Palais.

Tagann dath órga an Túir ó mhogall alúmanaim anóidithe a bhfuil feidhm séad gréine aige. Úsáidtear an mogalra céanna sna foirgnimh eile leis an ailtireacht a thabhairt le chéile. Tugtar sainiúlacht shoiléir don fhoirgneamh le fíodóireacht an mhiotail agus an dlúth agus inneach atá ann, le gile na huigeachta agus leis an stíl de na fillteacha.

Tráth a n‑insealbhaithe i mí na Nollag 2008, ba iad Túr Comenius agus a leathbhreac, Túr Montesquieu, na foirgnimh is airde sa tír. 103 méadar atá sa 26 urlár dá chuid, méid atá sáraithe anois ag Túr Rocca.